Ionchúisitheoir príobháideach, gearánaí príobháideach agus éilitheoir sibhialta
IONCHÚISITHEOIR PRÍOBHÁIDEACH
Tá íospartach a d’fhulaing dochar airgeadais nó neamhairgeadais ó choir a ionchúisítear go poiblí i dteideal páirt a ghlacadh sna himeachtaí cúirte mar ionchúisitheoir príobháideach.
An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil ag gach céim de na himeachtaí cúirte.
GEARÁNAÍ PRÍOBHÁIDEACH
Féadfaidh íospartach coireachta a ionchúisítear ar a ghearán príobháideach an t-ionchúiseamh a thionscnamh agus a choinneáil os comhair na cúirte mar ghearánaí príobháideach.
An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil ag gach céim de na himeachtaí cúirte.
ÉILITHEOIR SIBHIALTA
Féadfaidh an t-íospartach nó a oidhrí, chomh maith le heintitis dhlíthiúla a d’fhulaing dochar ón gcoir, éileamh sibhialta ar chúiteamh a thabhairt laistigh d’imeachtaí coiriúla cúirte agus páirt a ghlacadh iontu mar éilitheoirí sibhialta.
An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil ag gach céim de na himeachtaí cúirte.